Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)
- Suíomh:
- Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
- Múinteoir: Seosamh Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc an Stolaire
- XML Leathanach 022
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí sean lanamhain 'na gcomhnuidhe ar an Tearmonn fadó shoin, a raibh mac amháin aca. Nuair abhí an t-athair ar leabaidh an bháis d'iarr sé ar a mhnaoi a chuid a thabhairt go maith do'n gasur sa chruth as go mbéadh sé ábalta crann a tharraingt as an rúta.”
(ar lean ón leathanach roimhe)tuirtín aráin le cur leis agus d'imthigh sé leis i mbéal a chinn. Shiubhal sé leis go dtainig sé fhad le teach a raibh sean lanamhain na gcomhnuidhe ann. D'iarr sé fastodh ortha agus d'fhortuigh an seanduine é.
Lá thar na bharach d'éirigh an gasur go luath ar maidin agus chuir sé ceist goide'n obair a bhí le deanamh indiú aige. Dubhairt an seandhuine leis go raibh cruach choirce le bualadh agus thug sé súiste do.
"Goidé seo?" arsan gasur.
"Tá, sin súiste" arsan seandhuine.
"Bhuel is beag an súiste é" arsan gasur agus chaith sé ar shiubhal é. D'imthigh sé leis amach na coilleadh, bhain sé dhá chrann agus rinne sé súiste daobhtha agus níor fhág sé an chruach ar an bhaile nar bhuail sé an lá sin - agus shíl na daoine nach raibh sé i gceart.
Nuair a chuaidh an gasur a luigh an oidhche sin bhi an t-sean lanamhain a meabhrú ar cen dóigh abhfearr fághail réidhtigh do.
"Bhfuil fhios agat goidé dheanfaidh muid leis imbárach?" arsa'n seandhuine.
"Cuirfidh muid síos na muillean é leis an choirce le min choirce a dheanamh di, tá dhá thaidhbhse(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Antoine 'Ac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Machaire Chlochair, Co. Donegal