School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)
- Location:
- Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc an Stolaire
- XML Page 074
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Rugadh 7 tógadh Liam O Brian i mBaile Mhuine i gCo Aontroma.”
(continued from previous page)Tráthnóna amháin blianta fada na dhiaidh sin, bhí Liam ag pilleadh ó theach na taibhurne agus smitín breagh aige nuair a casadh an diabhal air arís. "Caithfdh tú a theacht liom-sa anois" arsain diabhal le Liam. Phill Liam leis gan focal a rádh, ach nuair a shroich sé teach an ólochain d'ubhairt sé gur mhaith leis deoch amháin sul a rachad sé go h-Ifrionn.
"Tá go maith" arsan diabhal. "Ó mo léan níl airgead ar bith agam arsa Liam, "ach gabh thusa isteach un mo sparan agus déan giota beag óir damh. Rinne an diabhal mar a h-iarradh air, ach nuair a fuair Liam istuigh sa sparan é, dhruid sé an sparan go teann agus as go brách leis 'na cheardcha. Las sé an teine, shéid na builg agus chaith an sparan isteach sa teine agus thug gorradh breagh do. Annsin thóg sé amach é agus thoisigh ag greadadh air leis an órd. Mhothuigh na comharsanaigh uilig an sgreadach agus an torman, ach nuair a chruinnigh siad isteach, ní raibh le feiceail aca ach Liam agus(continues on next page)- Informant
- Antoin Mac Suibhne
- Gender
- Male
- Age
- 74
- Address
- Machaire Chlochair, Co. Donegal