Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Ministéar agus a bhuachaill (Sgéal):Bhí buachaill ag obair ag ministéar ar dhá tuistiún sa' lá. Bhí an ministéar agus an rí 'na gcomhnuidhe a' chomhair a chéile. Lá amháin tháinig an rí thart in áit a raibh an buachaill ag obair.
"Ce aige a bhfuil tú ag obair, nó caidé'n phaighe atá agat" ars' eisean leis an bhuachaill.
"Dhá thuistiún sa' lá" ars' an buachaill,
"Ní fiú mórán sin" ars' an rí, "Ba lughaide (?) an cás dá mba liom féin uilig é" ars an buachaill, "Tá mé ag cuir dhá pinginn ar biseach, dhá pinginn da dul amúdha, dhá phinginn de shean-fhiacha atá orm, agus níl agam féin fágtha ach dhá pinginn."
Chuaidh an rí 'fhad leis an mhinistéir agus dubhairt sé leis go mbainfeadh sé a cheann agus a chongbhail-beatha dó mar n-innseochadh sé dó fa dtaobh de'n fhear abhí ag obair, agus an dá phinginn abhí sé ag cur ar biseach, an dá phinginn abhí sé a' chuir amudha, fá'n dá phinginn abhí sé ag díol de shean-fhiacha, agus fá'n dá phinginn abhí aige do féin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dubhgáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal