School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)

Location:
Mín an Chladaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Mac Fhionnaile
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 205

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 205

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín an Chladaigh
  2. XML Page 205
  3. XML “Rí Chruachán Connachta agus Gruagach na gCleas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí dá rí in Éirinn fadó mar bhí mórán an uair sin agus beagan anois. B'ainm dóibh Rí Chruachán Connachta agus Gruagach na gCleas. Bhí cailín doigheamhail in Éirinn nach raibh a leithéid ó shoin ann. Bhí an bheirt aca ag bráth uirthi. D'fhuadaigh Gruagach leis é le tréan geasrógaí agus cleasaidheacht agus ár ndóighe ní rabh an fear eile sásta. Smaointigh sé lá amháin go rachfhadh sé fhad leis an Ghruagach agus go mbéadh cluithche chárdaí aige leis, ag dréim go mbainfheadh sé an bhean dó. Sé an sligheadh abhí san am sin nuair a d'fuadóchaidh bean ar shiubhal go mbainfeadh sí focal duit nach mbéadh sí na bean agat chomh ceann lá agus bliadhain. Ach d'imthigh Rí Chruachan Chonnachta leis go dtáinig sé fhad le Cúirt an Gruagaighe. Bhuail sé ar an doras agus tháinig sgiúilíneach de chailín amach agus chuir sé ceist uirthí an rabh an Gruagach istigh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1088: Eating Contest
    AT1121: Ogre's Wife Burned in his Own Oven
    AT1640: The Brave Tailor
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Dubhgáin
    Gender
    Male
    Age
    72
    Address
    Mín an Chladaigh, Co. Donegal