Scoil: Mágh Rua (Murroe)
- Suíomh:
- Murroe, Co. Donegal
- Múinteoir: P. S. Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mágh Rua (Murroe)
- XML Leathanach 19
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear agus bean ag teacht ó teach phobhail lá amháin. Chonnaic an bhean dhá ghé ins an pairc. "An bhfeiceann tú an dá ghé sin?" arsa an bhean. "Ní fheicim dhá ghé acht tchím gé amháin" arsa an fear. "Acht tá dhá ghé ann" arsa'n an bhean. "Muise níl ach gé amháin ann" arsa an fear. "Deirim-se leat-se go bhfuil dhá ghé ann" arsa an bhean. Bhí siad ag cainnt leobhtha mar sin sa deireadh chaith an bhean í féin ar an bhealach mhór agus leig sé uirthi go rabh sí marbh. Bhí an fear bocht i gcruadh-chás agus ní rabh fhios aige goidé dhéanadh sé. Thug sé an corp abhaile. Tháinigh na comharsain isteach chun na faire. Tamall indiaidh sin thug an fear cogar dá mhnaoi éirigh anois agus bí ciall agat. "Bhfuil an dá ghé ann"? ar sise níl ar seisean. Cuireadh isteach sa comhrainn í agus thug an comhrainn go dtí an roilge. Nuair a cuireadh í sgread sí amach a Pháid a Pháid leig amach mé níl ach aon gé ann. Thug seisean amach í nuair a bhí siad ag teacht na bhaile chonnaic siad an dá ghé agus dubhairt seisean tcím gé amháin agus gandal amháin.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Ghearrbhaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire Uí Fhríl, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Ghearrbhaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire Uí Fhríl, Co. Donegal