Scoil: Mágh Rua (Murroe)
- Suíomh:
- Murroe, Co. Donegal
- Múinteoir: P. S. Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mágh Rua (Murroe)
- XML Leathanach 22
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SgéalBhí sean fhear agus sean bhean ann aon uair amháin agus ní rabh aca ach inghean beag amháin. Lá amháin nuair a bhí an tathair ar an aonach ni rabh aon nduine fá'n teach ach an mhathair agus an inghean beag. Nuair a thainig a h-aon a chlog dubhairt an cáilín go rabh sí ag dul amach ar na cnuic leis na ba. Nuair a chuaidh sí d'fhán sí ar na cnuic go dtí máll sa tráthnóna. Annsin thainig ceo agus ní rabh fhios aici cá rabh sí ag dul. Sa deire chuaidh sí ar seachrán fríd na cnuic. Bhí an mádadh leithe agus thainig an mádadh na bhaile. Nuair a thainig an tathair chuaidh sé féin agus na comharsain amach ag cuartughadh an leanbh. Bhí fhios ag an mádadh cá rabh an leanbh. Thoisigh an mádadh ag tafaint. Rith sé giota agus d'onc sé na dhiaid. Nuair a chonnaic na daoiní an madadh lean siad é agus fuair siad an cáilín na luighe idir dhá chnuic i ngleann mhór. Thóg an tathair í agus d'iompthar sé í a bhaile Níor leig an tathair nó an mhathair í ar na cnuic níos mó in dhiaid sin.D'innis mo mhathair Bhrighid Nic a Leagha Mágh-(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Nic a Leagha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Murroe, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Bríghid Nic a Leagha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Murroe, Co. Donegal