Scoil: Mágh Rua (Murroe)
- Suíomh:
- Murroe, Co. Donegal
- Múinteoir: P. S. Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mágh Rua (Murroe)
- XML Leathanach 3
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thart ní rabh an cailín le feiceail. Shuidh sí síos agus d'oscail sí an beartán agus cáidé bhí ann acht leanbh marbh. Shiubhail sí léithe agus chonnaic sí fear ag obair i ngarradh a rabh ubhlaí ann. Shiubhail sí isteach go dtí an gharradh agus thoisigh sí ag tógail na n-ubhall. Dubhairt an fear léithe "imthigh leat nó buailfidh mé thú." "Cha n-imtheochaidh, tá ocras orm." arsa'n bhean. Bhuail an fear í agus thuit sí agus arsa sise "mharbhuigh tú mo leanbh" agus thoisigh sí ag caoineadh. Thug seisean cuid mhór airgid duithe "na labhair air." Bhí sí saidhbhir go bráth n-a dhiaidh sin.
- Sgéal
Bhí fear ann uair amháin agus bhí capall bán aige. Dubhairt a bhean lais, an capall a thabhairt go dtí an t-aonach agus é a dhíol. Rinne an fear sin agus dhíol sé an capall ar seacht bpunt. Chuaidh an fear na bhaile leis an chapall agus dubhairt a athair nach rabh aon mhaith ins an chapall. Thainig an fear agus a athair arais lá ar na mhárach, acht ní thabhairfeadh an fear suas an t-airgead. Bhí fearg mhór ar an bheirt eile agus chuir siad an fear isteach i mála. Thug siad do dtí an an fhairrge é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Pháidin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dunfanaghy, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Anna Nic Pháidin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dunfanaghy, Co. Donegal