Scoil: Mágh Rua (Murroe)

Suíomh:
Murroe, Co. Donegal
Múinteoir:
P. S. Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1075, Leathanach 45

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1075, Leathanach 45

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mágh Rua (Murroe)
  2. XML Leathanach 45
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal
    Bhí fear ann uair amháin agus bhí capall buidhe aige. Lá amhain dhíol sé cupla cloch préataí agus fuair sé trí leath chorain ortha. Bhí eagla air roimhe na gadaí agus chuir sé an t-airgead isteach i ruball an chapaill. Nuair a tháinig lá an aonaigh d'imthigh an fear agus an capall buidhe leis. Nuair a shroic sé an t-aonach tháinig fear fhad leis agus chuir sé ceist air ca bhéad a bhí sé ag iarraidh ar an capall. Dubhairt an fear ocht gcéad punnta. Dubhairt an fear gur aige san a bhí an capall a bhfearr air an aonach na achan uair a bhuaileach í go dtiocfadh leath chorain as a ruball. Bhuail an fear í agus thuit leath chorain amach. Thug sé ocht gcéad punnta d'on fear annsin agus d'imthigh sé na bhaile agus an capall leis. Nuair a chuaidh sé na bhaile bhuail sé an capall thuit leath choráin amach. Bhuail sé airíst í agus char thuit leath corrain ar bith amach Bhuail sé leis gur mharbhuigh sé an capall.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ghearrbhaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire Uí Fhríl, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Ghearrbhaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire Uí Fhríl, Co. Donegal