School: Tearmonn (roll number 14194)

Location:
Termon, Co. Donegal
Teacher:
Aodh Ó Duibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1081, Page 332

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1081, Page 332

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tearmonn
  2. XML Page 332
  3. XML “Scéal an Mhadaidh Ruaidh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear uasall ann aon uair amhain agus bhí fear aige ag coimhead coillidh is ag baint bhrosna do na crainn.
    Bhí teach aige i gcionn na coilleadh agus dá mhadadh ag congbhailt cuideachta leis. Bhí clar ins an doras a rachadh ar aghaidh agus ar gcúl do reir mar bhéadh na madaidh ag gabhail amach no ag teacht isteach. Thainic an fear na bhaile trathnóna agus ultach brosnaigh leis. Chuir sé síos teine agus d'fhag sé a phíopa líonta ar an stól i gcois na teineadh. Chuaidh sé a luighe annsin, é féin, níos mó le sgíste a dheanamh no dúl a chodladh.
    Bhí sé ag amharc amach go pleisiúrach ar an teinidh a bhí lósta mar bhéadh teine fhéile Eoghan ann. Nuair goidé chuir an clar ar aghaidh ach madadh ruadh.
    Shuidh sé síos i gcois na teineadh as thóg sé píopa an fhir de'n chathaoir. Chuir sé a cheann isteach sa teinidh agus thúsaigh sé chaitheadh an phiopa, Go nadurtha le an fhear a bhfaca tú ariamh. "Do chorp 'un Diabhail a rógaire" arsan fear, agus fearg mór air, agus leim sé amach as a leabaidh. "An ag caitheamhmp phíopa ata tú? Dar siud as dar seo da mbéadh mo ghunna comhgarach damhsa, teine is toit de chineal eile bheireann duitse agus rud na dearn tú margadh ar a shoin . "Leóga", arsan madadh ruadh, "Shílidh tu do fhéin do fhear threan. Ach is
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
        1. foxes (~151)
    Folktales index
    AT0067**: Fox Caught by Butcher
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Mac Gairbheach
    Gender
    Male
    Address
    Tirkillin, Co. Donegal
    Informant
    Eiblin Ní Múireadhaigh
    Gender
    Female
    Address
    An Curraoin, Co. Donegal