School: Tearmonn (roll number 14194)
- Location:
- Termon, Co. Donegal
- Teacher: Aodh Ó Duibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Thárla an Cailín damh agus í ar a glúna,
Is an éadach dúnta fa na ceann,
An Tamharc meall-se a bhí in-a súile
Go meallfhadh ubhlaí de bharr na gcrann .
Tóg mé liom í go toig na tabhairne,
Is d'ól me slainnte mo chailín ann,
Ó Sen siar na coilleadh craoibhe,
Shiubhail taobh ar thaobh léithe agus bonn ar bhonn.
Is corrach cleasach a chuir tú i gceill damh,
Go bfásfadh an féar frid an talamh aníos,
Go dtiocfadh an fhairrge go bruach a' t-sleibhe,
Chá scarrann fein le stór mo chroidhe.
Bhéinn a teannadh le mo chroidhe, 'sa fáscadh,
Idir mo dhá láimh mar bhfada an oidhch(e).
Can iarrfainn athchuinge go h-uair mo bháis,
Ac aon phóg amhain isé a fhághail ó stór mo chroidhe.
Dá mbéadh fhios agam-sa nach tú a bhí i-nánn damh,
Ca ndeanann gáire mo súgradh leat;
Is go bhfuil mo chroidhe-sa go domhain i ngradh leat;
Is dá mbuailfidh tairgne frid crudh na n-eách.
Cúilin iomráidhte ag croigiú móin duit.
Is a mbaint an fhóghmhair chá chuirfinn suim;
Má'se an doigh é nach dioghbhail (comhair)
Pos do rogha fear agus na gabh liom.(continues on next page)- Collector
- Aodh Ó Duibhne
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Eibhlín Ní Mhuireadhaigh
- Gender
- Female
- Address
- An Curraoin, Co. Donegal