School: Tearmonn (roll number 14194)

Location:
Termon, Co. Donegal
Teacher:
Aodh Ó Duibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1081, Page 363

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1081, Page 363

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tearmonn
  2. XML Page 363
  3. XML “An Láir Bhán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ag Caisleán Bhun Ghloir a thóg muid na scadánn,
    Is ag teacht aníar ag an Chladaigh mar' gabhtar na bradáín.
    Leig mé ar Gaothdobhair í 's char mhaith liom-sa é dheanamh;
    Is gur toigh Eoin Óig Ua Rabhartaigh gheobáinn feoirthín dí is fásach.

    Teacht fríd Cloich cheann Fhaoilidh rinne mé mo sgíthiste ar na hÁrdaí, (?)
    Is chodhlugh mé an oidhche sin i gCaol-Droma ag Padraig.
    Ó sin 'un na Craosluigh, is ma bhí an dheor ag Máire,
    Fhliuch mise an croidhe is bhí an (t-aoineadh) ar an (náireadh).

    Thug mise an scríob sin aníos ag Loch-is-Allt.
    Cé casad sa tsligh damh ac Doimnic Ua Marlaigh,
    Beaduigheacht na tíre sé bhí sé dá ráidhte;
    Ma's í sin an capall caoch leat ar m'fhírinne tá sí sáruighthe.

    Breagach atá Brian agus Eoin Mac Cill Mharthach;
    Cá rabh sí ach i gcionn a trí bliain a mhill a' ghaoth na preataí.
    Ta fhios ag an tír air is tá fín-ise láthair,
    Gurbh é sean Eoin Ua Gaothain a dhíol, ar aonach a tSrath-Bán í.

    Chá creidinn-se an Pápa no Árd easbuig na Condae,
    Go gcuirfeadh Eoin Mac Gill' Mharthach (?) lári bán udaí (?) liom-sa.
    Mar shiubhaileadh sí go laidir (árd mhallaí) umchar,
    Agus threabhfadh se talamh ban comh sasta le connaligh

    (Árd mhallaí = lód ar dhruim beathadhaigh)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Aodh Ó Duibhne
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir