Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)

Suíomh:
Baile Láir, Co. Donegal
Múinteoir:
Aodh A. Mac Congáile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 003

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 003

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballylar
  2. XML Leathanach 003
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal.
    Deirtear go bhfuil gíníeacha i bhfolach shíos i gCeann a' Phuirt. Seo an dóigh a deirtear gur cuireadh annsin iad.
    Bhí bád ag gabháil thart ag Ceann a' Phuirt lá amháin. Bhuail sé i n-éadan charraige agus briseadh é. Shnámh muinntear an bháid isteach go dtí 'n cladach agus chuir siad lán bhútaiste d'ór ins an chlochar.
    Ní rabh siad i bhfad annsin go dtáinig muinntear Chúl a' Doire ortha agus chuir troid ortha. Throid muinntear an bháid gur marbhuigheadh uilig iad.
    Nuair a bhí an troid thart thoisigh muinntear Chúl a' Doire ag cuartughadh fá choinne na (gh) ngíníeacha acht ní fuair siad iad. Ní dhearna duine ar bith eile iarracht le
    na bhfágháil.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Beaglaoich
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Seanach, Co. Donegal