Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Donegal
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Da bhfeiceadh na sean daoine na scamaill ag gluaiseacht fríd an spéir déirfeadh siad go rabh stoirm ag teacht. Deirfeadh siad fosta da mbéadh tuar-cheatha ann ar maidín go rabh an droch aimsear le theacht acha da mbéadh sé ann ins an tráthnóna go mbéadh a mhalairt de sin ann. Dá éireóchadh an ghrian ar maidín agus í ag lonnradh go geal agus dá dtéigheadh sí síos i gnapán throm dorcha bhéadh aimsear olc le theacht. Dá dtéigheadh sí síos go dearg ins an tráthnóna bhéadh aimsear mhaith le theacht. Dá mbéadh soillseacha bana ag éirghe aníos ar bun na spéire agus ag dul suas ins an spéir ins an oidhche sin comhartha go bhfuil droch aimsear comhgarach.Nuair a bhíos fainne gorm thart ar an ghealaigh agus é giata maith ar shiubhal uaithe sin comhartha go bhfuil stoirm comhgarach acht dá mbéadh an fainne comhgarach duithe tá an stoirm giata maith ar shiubhal, Da mbéadh an ghealach na luighe(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Cheallachain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Láir, Co. Donegal