Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Donegal
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 162
- XML “Díol agus Ceannacht”
- XML “Díol agus Ceannacht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ní rabh leirg ar bith ar na daoine díol nó ceannacht Dia Domhnaigh. Ba i Ros na Cille a bhéadh an margadh a bá mhó. Bhéadh peidléirí ag dul thart ag ceannacht fionnaidh capaill agus craicne choinín agus sean bhratógaí. Bhéadh daoine eile ag dul thart ag díol éadaigh. Níl scéalta ar bith ag na daoine fá airgead na fá piosaí airgid.
- Ní raibh mórán siopaí thart fá seo sa t-sean aimsir. Bhí fá thuirim ceithre siopaí thart sa cheanntar seo fadó. Cheannuigheadh siad na h-earraidhe beaga a bhí a dhith ortha ins na siopaí thart fá'n áit acht na rudaí móra a bhíodh a dhith ortha chaithfeadh siad a ghabhail go Leitir -Ceannainn fá na gcoinne. Ní bhíodh siad ag díol earraidhe ar bith indiaidh an Aifrinn i naice theach an phobail.
Ní raibh an t-airgead flúirseach sa t-sean aimsir. B'á ar airgead a bhí na daoine ag baint usaid fadó. Bá ghnáthach leó coirce a mhalartughadh ar mhin- bhuidhe. Duine bocht nach mbéadh mórán preataí aige gheibheach sé preataí ó dhuine a mbéadh go leór(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Mac an t Saoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Seanach, Co. Donegal