Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)

Suíomh:
An Coimín, Co. Donegal
Múinteoir:
Pádraig Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 014

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 014

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Cuimín
  2. XML Leathanach 014
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Thíos ins an mhíodún a tcím an toir deas míltí bean uasal ag damhsa go deas hatai gorma agus gúnnaí glása da dtamhasa go maidín ní thomhasa sin.
    Freagra - bláthannaí
    Molt iarann agus ruball olna as.
    Freagra - Snathaid deisiu agus snáth.
    Teach beag geal ar an t-sráid agus gan dorás ar.
    Freagra - Uibh.
    Duibheagan dubh ar an mhala ud thall. An manach ag caint agus é fhéin na thost.
    Freagra - Teach agus gan aon nduine na cómhnuidhe ann.
    Caidé an bhior a chuir Fíonn Mhac Cumhaill ins an bhroth le é a fhuaradh?
    Freagra - bior siocain.
    An bhfaca tusa rud ar bith nár bhfaca Dia?
    Freagra - Chan fhaca Dia A leithide Fhéin ariamh; chonnaic mise mo leithide fhéin.
    Fuarthas biadh do thriúr ar bhruach Locha Léin, dith an bhiaidh an triúr agus thainic abhaile é fhéin?
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Ní Cheallaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Cloghan, Co. Donegal