Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)
- Suíomh:
- An Coimín, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cuimín
- XML Leathanach 039
- XML “Na Ceithre Máistrí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ins an Earrach sa bhliadhain 1623 tháinig fear a bhí i gcionn a thrí mbliadhain déag a's fiche go geafta Choláiste Lobháin agus dubhairt gur mhaith leis an chuid eile dá shaoghal a chaitheamh in a bhráthair bocht i n-Ord San Prionnsias. Bá é Tadhg Ó Cléirigh as Tir Aodha i nDeisceart Thír Chonaill, no Tadhg a' tSléibe a bhéarfadh na daoine air. Níl mórán eolais againn fá na shaoghal nó a bheatha sul a dteachaidh sé isteach i n-Ord San Prionnsais. Tá fhios againn go rabh sé léigheanta, foghlumtha i stair agus seanchus agus i léigheann. Is dóiche fosta gurabh sé in a shaighdiúir in airm na Spáinne.
Rugadh é i dtrathaibh an bhliadhain 1590. Bhí dearbhrathair aige darbh ainm an t-Athair Bernardín Ó Cléirigh. Bhí sé in a bhrathair i gClochar Dhúin na nGáll. Bhí sé i gColáiste Lobháin roimhe sin. Ghlac sé fhéin an t-ainm Micheal agus ó sin amach sé an bhráthair bocht Micheal Ó Cléirigh atá againn.
Cupla bliadhain indhiaidh Micheal a theacht go Lobháin, thainic fear eile ar fiú tracht air. Mar thainic an Sagart Aodh Mac an Bháird, as Leitir 'ac an Bháird i Rosaibh Thír Chonaill. Rinneadh Sagart dó-san sa Spáinn. Bá é an Sagart Aodh Mac a' Bháird a thug ar Mhicheal theacht go h-Éirinn. Cuireadh Micheal anall le naomh-sheanchas na nGaedheal a chruinniu agus a chur anonn go Lobháin. Bá é an rún a bhí aca, gach eolas fa naoimh na h-Éireann a chur i gcló.
Thainic Mícheal Ó Cléirigh go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Bhaoghaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cloghan, Co. Donegal