School: An Cuimín (roll number 6162)

Location:
An Coimín, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Pádraig Mac Aoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 040

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 040

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Cuimín
  2. XML Page 040
  3. XML “Na Ceithre Máistrí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    h-Éirinn ins an bhliadhain 1626. Shiubhail sé an Tír ó cheann go ceann. Rinne sé coipeanna cearta dílse do na cunntaisí a bhí le fághail fá naomh-sheanchus na h-Éireann. Nuair a bhí sé ag deanamh na h-oibre seo is iomdha sean-láimhscribhinn a ghéar-sgrúduigh sé.
    Fhad agus bhí sé ag gabhail do naomh-sheanchus na h-Éireann, rinne sé fhéin an obair uilig. Bá é Turlach Mac Cochlain a bhí in a phátrún aige nuair a bhí an "Réim Ríoghraidhe" dá chur le chéile aige agus bá é Brian Ruadh Mac Uidhir as Innis Ceitleann a bhí in a phátrún aige nuair a bhí sé ag gabhail do'n "Leabhar Gabhála", agus nuair a thosuigh sé ar "Annála Ríoghachta Éireann", bá é Fearghal Ó Gadhra a bhí in a phátrún aige.
    Bá iad na congantóirí a bhí aige:- Fearfeasa Ó Maolchonaire as baile Uí Mhaolconaire i gCo. Roscomáin; Cuchoigcriche Ó Cléirigh as baile Uí Cléirigh i gCo. Dhún na nGall; Cuchoigcriche Ó Duibhgheannain as Co. Liathdroma, agus i gcuideachta sin thug Conaire Ó Cléirigh dearbhrathair Micheal fhéin cuidiú dobhtha agus fear eile a thug beagan cuidigh dobhtha fosta, mar bhí Muiris Ó Maolchonaire.
    Seanchas na h-Éireann ó'n aimsear cian-aosta anall go bás Aodh Mhóir Ó Néill sa bhliadhain 1616 atá ins "na h-Annála". 'Sé Seán Ó Donnabhain a chuir eagair ar "na h-Annála" tá 88 bliadhna ó shoin. Leabhar luachmhar atá ann. Tá aistriú béarla ann i gcuideachta téacs Micheail Uí Cléirigh agus cuid mhór nótaí léigheanta
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Anna Ní Bhaoghaill
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    An Clochán, Co. Dhún na nGall