School: Bun an Fhionnghlaise (roll number 11454)
- Location:
- Bunnafinglas, Co. Mayo
- Teacher: P. Ó Maoláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nach é Mal Dubh an Gleanna an óg bruinneall mhaiseach
Ag ar dhoirt mé mo gean go léir dhí.
Is beo ní bhéidh mé i bfad mara bpósaidh mé mo fearc
Is gan bó ar bith a glacan leithe
Ta a ceol sidhe gan stad le na meara míne geala
Is téadra ciuine cearta ar cláirsigh
Tá a cúilín breagh clannach ina bubíní a' casadh
Is tá na cuacha uilig ag seinm saoil dhí
II
A ógánaigh! a thug taithneamh do Mail Duibh an Ghleanna
Nach claoidhte lagmarbh ata tú
Is fós riamh ní fhachadh do stóirín le mealladh
Is gur sporrtín do fheara Fáil thú
Níl sin mac marcaigh ó Vaile Átha Cliath go Gaillimh
Ó Coircaigh go dtí Umhall Uí Mháille
Nach bhfuil ag tarraingt cun an gleann ar eachtadh donna dáithth [?]
Ag dréim leis mnaoi dhuibh is áilne
III
Nach lághach críona an mheach tráth gníonn sí nead
Le méin is le teas an Fhóghmhair
Acht ó críonuigheas an t-slat ní bhíonn uirri meas
Ní hé sin do'n chrann is óige
Siúd é mo theach níl díon air ná sgraith
Acht e déanta le h-ais an bhothair
Dioghbháil na bhfear a dfágaidh orm lear
Is sgaoilim mo bheannacht leobhtha(continues on next page)- Collector
- Nóra Nic An Ultaigh
- Gender
- Female
- Address
- Roosky, Co. Mayo
- Informant
- Antoine Mac An Ultaigh
- Gender
- Male
- Address
- Roosky, Co. Mayo