Scoil: Cúl Árann (Clochar)
- Suíomh:
- Coolaran, Co. Galway
- Múinteoir: An tSr Fionnbharr Nic Chárthaig
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúl Árann (Clochar)
- XML Leathanach 0004
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)séard a dúbhairt Peadar "Gabhar Marbh" agus bhí an fear eile ag gabhail dó nó go raibh sé in ann "Good Morrow" a rádh. Dubhairt sé leis annsin a dhul abhaile agus a bheith dhá rádh ar a bhealach abhaile. Níl aon choiscéim dár shiubhal Peadar nár dhúbhairt sé "Good Morrow" ó d'fág sé Gallimh go ndeacha sé go Muinteach. I ngar do'n bhaile bhí air dul treasna treinse a bhi lán d'uisge agus ní raibh aon bhealach le dul treasna acht siubhal ar chlár . Nuair a bhí Peadar leath bhealaigh sgior a chos agus thuit sé síos sa troinse uisge , is beag nár báthadh é. Nuair a d'eirigh sé agus é múchta báidhte níor fhéad sé smaoineach ar an bhfhocal . Ní raibh duine ar a'mbaile nach raibh amuigh roimh Peadar go gchloisfheadh siad an focal Béarla a bhí aige.
"Céad fáilte abhaile a Pheadair agus innis dúinne an focal Béarla . Thuit mé sa troinse" ars Peadar "agus deabhal mé gur báitheadh an fhocal". Thoirdibh amach an méid a bhí ar an Múinteach le cannai agus buicéadai , pitchers, kittles agus saucepans go dtriomochaidis an troinse go bhfuighidís an focal Béarla. Thosuigheadar ag triomúghadh agus Peadar a'breathnúghadh ortha gur thriomuigh siad an mhéid(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Seoighe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carheenlea, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Tomás Seoighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carheenlea, Co. Galway