Scoil: Corr an Droma
- Suíomh:
- Corrandrum, Co. Galway
- Múinteoir: Breandán Ó Míodhcháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí baintreabach ann fadó agus bhí triúr inghean aici agus ní raibh mórán de mhaoin an t-saoghail aca . Lá amháin labhair an inghean ba shine agus dubhairt sí, " A máthair déan mó cháca agus marbhuigh mo choileach go dteighidh mé ar thóir m'fhortúin.
Rinne an máthair amhlaidh, agus núair a bhí chuile rud réidh amach, dubhairt an máthair léithe, " Cé aca a bheas agat a leath seo agus mo bheannacht nó iad uilig agus mo mhallacht."
Mallacht nó gan mallacht ars an inghean, is beag orm iad ar fad." D'imthigh léithe agus marar chuir a máthair a mallacht léithe, bhí sí mar sin lé n-a beannacht a chur léithe. Bhí sí ag imtheacht agus ag síor imtheacht nó gur bhúail tuirse is ochras í, agus annsin shuidhe sí síos lé n-a béile a ithe. Fad agus a bhí sí ag ithe casadh seanbhean an bealach agus d'iarr sí ruainne beag d'en bhiadh ar an gcailín. "Tá sé sáthach gann agam féin" ar sise, agus d'imthigh an t-seanbhean léithe go brónach. Lé tuitim na h-oidhche fúair inghean na bainteabhaighe lóistín í dteachín beag i ngleann sléibhte nach raibh de cómhluadar ann acht sean bhean agus i rith na h-oidhche leig sí uirthí do'n tsean-bean gur ar thóir oibre a bhí sí. Chuir an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Oisín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Anbally, Co. Galway