Scoil: Corr an Droma
- Suíomh:
- Corrandrum, Co. Galway
- Múinteoir: Breandán Ó Míodhcháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corr an Droma
- XML Leathanach 0253
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Oidhche amháin chuaidh fear ag an ngreasuidhe. Nuair a bhí sé ag imtheacht as an teach dubhairt sé le na bhean nach mbeadh sé ar ais go ceann uair a chluig. Ni raibh na bróga réidhtighe ag an ngreasuidhthe go dtí a deich a chlog agus bhí an oidhche an-dorcha. Nuair a chuaidh an fear ag an doras d'iarr sé ar an greasuighe lampa a thabhairt dó acht ní raibh aon lampa ag an ngréasuidhe agus dubhairt sé go dtiubhradh sé dornán tuighe dhó. Bhí an tuighe roinnt fluich agus coinnigh sé leis an teine é go dtí go raibh sé sáthac tirm. Amach leis an doras agus ní raibh sé an tríomhadh cuid de'n bhealach nuair a chuaidh an solas as aige. Shíl sé go raibh aithne maith aige ar an gcasán. Ní chuaidh se dhá coismhéag thar an gclaidhe nuair a thuit sé isteach í dtom driseacha. Chuaidh sé an fhaid síos ins na driseacha go raibh siad ar mhullach a chinn agus níor fhéad sé chor a chur as. Shíl sé a lámh a chuir ina phóca agus a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Fhathaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Chláir, Co. Galway