Scoil: Corr an Droma
- Suíomh:
- Corrandrum, Co. Galway
- Múinteoir: Breandán Ó Míodhcháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corr an Droma
- XML Leathanach 0450
- XML “Préachán Glic”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thug sé fá deara cruisgín tamall uaidh agus tharraing sé air chomh teann géarr in Éirinn agus b'féidir leis. Dhúin sé leath-shúil agus dhearc sé síos ann agus chonnaic sé go raibh braon beag uisge ar a thóin ach dá bfaghadh sé a bhfaca sé ariamh níor b'féidir leis fághail go dtí é mar go raibh sluig an crúiscín ró-chumhang. Ní raibh fhios aige beirthe ná beo céard a dhéanfadh sé agus é í gcruth tuitim as a sheasamh leis an tart. Ar deireadh mar buailfeá do dhá bhois fá chéile chuimhnigh sé ar chleas. Bhí carnan mearóg in aice leis. Rug sé ar ceann aca in a ghob agus leig sé síos sa gcruisgín í. Rinne sé an cleas céadna aríst eile, nó gur árduigh an t-uisge go dtí béal an chrúiscín agus d'ól sé a sháith. Thug sé a bhóthar abhaile air annsin go sásta só-mheanmhach.
"Rud ar bith a bhfuil gabhadh mór leis gheobhfar slíghe eicínt chuige."- Faisnéiseoir
- Tomás de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Carraghy, Co. Galway