Scoil: Corr an Droma

Suíomh:
Cor an Droma, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Breandán Ó Míodhcháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0450

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0450

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corr an Droma
  2. XML Leathanach 0450
  3. XML “Préachán Glic”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    thug sé fá deara cruisgín tamall uaidh agus tharraing sé air chomh teann géarr in Éirinn agus b'féidir leis. Dhúin sé leath-shúil agus dhearc sé síos ann agus chonnaic sé go raibh braon beag uisge ar a thóin ach dá bfaghadh sé a bhfaca sé ariamh níor b'féidir leis fághail go dtí é mar go raibh sluig an crúiscín ró-chumhang. Ní raibh fhios aige beirthe ná beo céard a dhéanfadh sé agus é í gcruth tuitim as a sheasamh leis an tart. Ar deireadh mar buailfeá do dhá bhois fá chéile chuimhnigh sé ar chleas. Bhí carnan mearóg in aice leis. Rug sé ar ceann aca in a ghob agus leig sé síos sa gcruisgín í. Rinne sé an cleas céadna aríst eile, nó gur árduigh an t-uisge go dtí béal an chrúiscín agus d'ól sé a sháith. Thug sé a bhóthar abhaile air annsin go sásta só-mheanmhach.
    "Rud ar bith a bhfuil gabhadh mór leis gheobhfar slíghe eicínt chuige."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás de Búrca
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    Na Cathracha, Co. na Gaillimhe