School: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- Location:
- Carrowbeg North, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Loideáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhí an chéad mhac ag imtheacht go dtáinig sé go teach dochtúra. D'fan sé ag obair leis an dochtuir go raibh an bliadhain is lá suas aige. Annsin dubhairt sé leis dochtúir go gcaithfeadh sé dhul abhaile go bhfeicfidh sé a athair. Thug an dochtuir buidéal dhó a leigheasach chuile short nidh.
Bhí an dara mac ag imtheacht go dtáinig sé go teach saddléiri. D'fan sé leis an saddléir go ceann bliadhna is lá. Nuair a bhí an bliadhain is lá suas aige dubhairt sé leis an saddléir go gcaithfeadh sé dhul abhaile go bhfeicfeadh sé a athair. Thug an saddléir diallaidh dhó a thiubhradh in áit ar bith é in dhá nóimead.
Bhí an tríomhadh mac ag imtheacht go dtáinig sé go teach fios. D'fan sé ag obair leis go ceann bliadhna is lá. Nuair a bhí an bliadhan is lá suas aige dubhairt sé leis an fear-a -tighe go gcaithfeadh sé dhul abhaile go bhfeicfeadh sé a athair. Nuair a bhí sé ag dul(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Ghiollarnáith
- Gender
- Female
- Address
- Carrowndulla, Co. Galway
- Informant
- Liam Ó Lionnáin
- Gender
- Male
- Address
- Eadargúil, Co. Galway