Scoil: Órán Mór (B) (uimhir rolla 4506)

Suíomh:
Oranmore, Co. Galway
Múinteoir:
Micheál Ó agus Máire Bean Uí Shuilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0341

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0341

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Órán Mór (B)
  2. XML Leathanach 0341
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí Seáinín agus Seamuisín ag cumhdach an tighe lá amháin agus tháinig cailleach isteach.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    doras agus chuaidh sí síos chuig an teine. Dubhairt sí le Seáinín a dul suas agus a píopa d'fagháil dí. Chuaidh se suas agus chuir sé a lámh síos ins an mála agus dubhairt sé nach raibh a píopa ann. Chuir sío do lámh eile ars an cailleach. Ní fhéadaim é fhagháil arsa Seáinín. Gabh síos ar fad ann ars an cailleach leis. Cuaidh Seáinín síos ins an mála agus rith an cailleach suas agus cuir sí striogáin ar an mála agus chaith sí an mála ar a druim agus amach léithe síos an bóthair. Tar éis tamaill, tháinig tuirse uirthi agus d'fág sí an mála ar thaobh an bhóthair agus chuaidh sí isteach ag tobar ag ól deoch uisge. Nuair a fuair Seáinín í imtighthe, bhí sgian aige in a póca agus ghearr sé an striogán de'n mála agus léim sé amach agus líon sé suas an mála le clocha agus le buidéil a fuair sé ar thaobh an bhóthair. Chuir sé an striogán aríst ar an mála agus d'imthigh sé leis. Tar éis tamaill tháinig an cailleach amach agus chaith sí an mála aríst ar a druim agus dubhairt sí "Drochmheas, a Seáinín "is tú atá trom." D'imthigh sí léithe annsin go dtáinig sí go teach 'na raibh sean cailleach eile. Bhí pota mór uisge fiuchta ag an sean cailleach eile roimpi. Chuaidh an cailleach síos go dtí an teine. Shíl sí gurab é Seáinín a bhí ins an mála aice i gcomnuidhe. D'ionnsuigh sí an mála ar an bpota agus tháinig na buidéal agus na clocha amach as an bpota. Briseadh an pota annsin agus bhí an *dhá* cailleach sgáilte.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1115: Attempted Murder with Hatchet
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Maighread Bean Ní Sheacnasaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Glennascaul, Co. Galway