Scoil: Órán Mór (B) (uimhir rolla 4506)

Suíomh:
Oranmore, Co. Galway
Múinteoir:
Micheál Ó agus Máire Bean Uí Shuilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0347

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0347

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Órán Mór (B)
  2. XML Leathanach 0347
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí beirt Rí ann fadó. An Rí Éireannach agus an Rí Shasanach.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Rí Shasanach. Bhí an Rí Éireannac ag bualadh amach an Rí Sasanach agus ag faghail ceann is fearr dhe agus a cuid fir. Ní raibh fhios ag an Rí Sasanach céard a dhéanfadh sé cun an fear eile a chur chun báis. Mar bhí fhios aige nach raibh sé indon dhol ag troid leis. Aon lá amháin tháinic smaoineadh chuige céard ba ceart dó a dhéanamh leis an Rí Éireannach. Dubhairt sé leis fhéin go ndéanfadh sé féasta mór agus go gcuirfeadh sé fios air. Bhí go maith. Cailín as Éirinn abhí ag an Rí Shasanach. Dubhairt an Sasanach léi go mbéadh a leithéad seo de chaptaoin ag teacht as Eirinn ag an dinnéar agus dubhairt sé leí spunóg de nimh a chuir in-a chupán. Ní raibh dúil ag an gcailín é seo do dhéanamh mar bhí fhios aici gur fear as Éire abhí le teacht. Rinne an cailín bocht de réir mar dubhradh léi. Ní raibh fhios aici cén caoi a n-innseóchadh sé den chaptaoin é. Acht bhuail smaointe í a labhairt leis an chaptaoin in gaedhilg mar ní raibh aon tuiscint ag na Sasanaigh ar Gaedhilge. Sé mar adubhairt sí nuair a tháinic an captaoin. - A chaptaoin, a chaptaoin an dtuigeann tú ghaedhilge. Tuigim arsan chaptaoin céard sin is léir dhuit. Tá an oiread sin in-do chupán agus a mharbóchadh na céadta arsan cailín. Más fíor a chailín is mór é do spré-sa. Annsin d'aithruigh sé a chupán agus leag sé ag an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
        1. Daniel O'Connell (~175)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Ní Seacnasaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Glennascaul, Co. Galway