Scoil: Órán Mór (B) (uimhir rolla 4506)

Suíomh:
Oranmore, Co. Galway
Múinteoir:
Micheál Ó agus Máire Bean Uí Shuilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0349

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0349

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Órán Mór (B)
  2. XML Leathanach 0349
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    San am fadó bhí beirt dearbhráthair ann. Bhí duine aca an-bhocht...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    siad ghá gcasadh ar an teine iad mar bhéadh feól abhéadh ann. Rugadh isteach an fear sa teine agus nuair abhí siad ghá casadh ar an teine, déarfadh siad leis cén caoi bhfuil tú anois agus déarfadh sé níos fearr ná bhí mé ariaimh. Níor airigh sé an teas mar ní bhfuair sé aon teas ariamh in-a shaoghal. Sa deireadh leigheadh amach as an teine é agus thug siad muillinn dó agus dubhairt siad leis nuair abhéadh aon rud ag teastáil uaidh ní raibh air acht cúpla fochal arádh agus thagadh an biad amach chuige. Cuaidh sé abhaile leis an muillinn agus bhí sé níos saidhbhre ná a dhearbhráthair. Fuair an dearbhráthair amach go raibh an muillinn aige. Chuaidh sé chuige agus cheannuigh sé an muillinn uaidh ar airgead. Aon lá amháin theastigh leite uaidh agus dubhairt sé leis an muillinn - A mhuillinn tá leite uaim Tháinig an leite amach go tapaidh agus is gearr go raibh a sháith ag an bhfear. Annsin dubhairt sé leis an muillinn, a mhuillinn tá mo sháith agam anois acht níor stadfadh sé mar ní raibh fhios aige an caoi chun é do stopadh. Tar éis tamaill bhí gach aon áit líonta de leite agus chuir sé fios ar a dhearbhráthair chun é do stopadh. Tháinigh sé agus snámh sé thríd an leite chuige agus stop sé an mhuillinn. Tar éis tamaill eile bhí salann ag teastáil uaidh. Níor dubhairt an dearbhráthair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0565: The Magic Mill
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Ní Seacnasaigh
    Seoladh
    Glennascaul, Co. Galway