School: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
- Location:
- Kinvarra, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Rud luachmar i bfolachAon uair amháin bhí fear in a chomhnuidhe i nGleann Guirt an Airgid. Fear bocht do bhí ann agus bhíodh sé i gcomhnuidhe ag siubhal. Lá amháin chuaidh sé amach ag siubhal agus bhí bátha mór aige. Bhí air dul treasna páirce in a raibh carraigheacha móra. Nuair a bhí sé i lár na páirce chonnaich sé firín beag bídeach. Labhair sé leis go cneasta agus dubhairt "tá póta óir i bhfolach fá chrann in do gháirdín féin". Gabh an fear buidheachas leis agus d'imthigh an fear beag bídeach as a radharc. D'imthigh an fear ag siubhal agus níorbh fhada go dtháinig sé abhaile. Rug sé ar rán agus amach leis go dtí an crann. Thosuigh sé ag tochailt go tapaidh. Níorbh fhada é ag tochailt no go bfacha sé póta mór cruinn. Thóg sé anuas é agus thosuigh sé ghá oscailt. Bhí sé lán de ór agus bhí luach 100,000 púnt ann. Bhí athás mór ar an bhfear agus chuaidh sé go dtí teach a cholceathar. D'innis sé an sgéal dhó ó bhun go fraoigh. Dubhairt an cholceathair gur duine de na Lochlannaibh a chuir i bfolach ann é mílte bliain ó shoin(continues on next page)
- Collector
- Úna Ní Móráin
- Gender
- Female
- Address
- Kinvarra, Co. Galway
- Informant
- Pádhraig Ó Laoghaire
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Occupation
- Oibrí
- Address
- Kinvarra, Co. Galway