Scoil: An Clochar, Port Omna
- Suíomh:
- Portumna, Co. Galway
- Múinteoir: An tSr. M. Lorcáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Uí Mhaine and t-ainm a bhí ar oirthear Co. na Gaillimgh agus deiscearh Co. Roscomáin tráth de'n t-saoghal. Sa sémhadh aois bhí Maine Mór in a rí ar an limistéar tír sin agus sin é an fáth a bhfuil an t-ainm sin air ó shoin. In imtheacht na h-aimsir rinneadh dhá chuid de'n ríogháer Uí Mhaine agus Síol Anmachadha nó Uí Mhaine theas.
Clann Ceallaigh a vbhi in a dearaigh ar Uibh Mhaine agus muintir Uí Mhadadhain ar Síol Anmachadha. Bhí beirt mhac ag Cormaic rí Ua Mhaine - Eoghan Fionn agus Eoghan Buadhach: Shíolruigh Clann Ceallaigh ó Eoghan Fionn agus Ó Mhadadhain ó Eoghan Buadhach. Tughad Síol Annachadha ar an áir a bhfuil Barúntacht Longphuirt, Barúntacht Liathdroma, Barúntacht Bhaile Locha Riach, cuid de Bharúntacht Bhaile Átha 'n Riogh, cuid de Barúntacht Dún Chuileann agus cuid den Tulach Uachtarach.(leanann ar an chéad leathanach eile)