Scoil: An Clochar, Port Omna
- Suíomh:
- Portumna, Co. Galway
- Múinteoir: An tSr. M. Lorcáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tighthe ceann-tuighe ar fad a bhí le feiceál in aice le Portomna go dtí ochtmhoghadh bliadhain ó shoin. Tuighe cruithneachtain a chuiridís ortha i dtreo is nach mbri[s?]fidhe iad - agus sceimheal ann leis an mbraon a chaitheamh ón bhfalla. Bhíodh círín ar bhuaich an tighe.
Fallaí cré do bhíodh ionnta, deánta de chré bhuidhe. Nuair do bhíodh siad ag deánamh na bhfallaí chuiridís tuighe righin tríd an gcré agus nuair a chruadhadh an chré bhuidhe ba gheall le bric é.
Adhmad coille gan scúghadh a bhíodh aca i gcoir fraightheacha. Ní bhíodh aon tarrainge 'ghá gceangal dá chéile. Deintí puill tríotha agus cuirtí dula den dair tríotha sin. Cuirtí scrathacha anuas ar na fraightheacha agus annsin bhíodh an díon tuighe greamuighthe anuas air(leanann ar an chéad leathanach eile)