Scoil: An Clochar, Port Omna
- Suíomh:
- Portumna, Co. Galway
- Múinteoir: An tSr. M. Lorcáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)lámh conganta dóibh. Bhí cion agus grádh ag gach duine i bPortomna do'n Máthair Abb.
Tar éis deich mbliadhain aca annseo. D'éirigh leo áit dheas fheileamhnach a cheannacht, le clochar nua a chur ar bun ann - an pháirc ar a bhfuil an Banc Hibernia anois. Acht sé Dia is fearr a thuigeas céard a fheilfeas dúinn agus sul ar thosuigheadar leis an obair, bronnadh áit eile - áit a bhí i bhfad ní b'feileamhnaighe - ortha, an áit ar a bhfuil an Clochar suidhte anois.
Inghean Ní Seoighe a fuair bás agus d'fág sí le h-údhacht go mbéadh an pháirc seo atá i gceist ag na mnáibh-riaghalta.
Cuireadh an Clochar ar bun agus sa mbliadhain 1892 - chuireadhar fútha ann. An Sgoil Náisiúnta atá in aice leis cuireadh ar bun é sa mbliadhain céadna, agus dhá bliadhain in a dhiaidh sin cuireadh an Sgoil Tighis ar bun.