Scoil: An Clochar, Port Omna
- Suíomh:
- Portumna, Co. Galway
- Múinteoir: An tSr. M. Lorcáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(Iarr ar dhuine siosúr a thabhairt duit.) Abair le duine eicínt annsin go bhfuil dhá bhealach ann, leis an siosúr a thabhairt duit - "treasna" agus "gan treasna". Taisbeán dó annsin é agus cuir iachall air é seo a rádh.
"Cé'n chaoi arbh mhaith leat é fhághail "treasna" nó "gan treasna"?
Má deireann sé "treasna", tabhair dó é agus tú ag cur coise treasna ar chois eile, acht ná leig ort go bhfuil aon rud ag baint leis acht amháin an siosúr. Má deireann sé "gan treasna" tabhair dó é agus do dhá chois ar an urlár. Ní thiubhraidh sé an cleas faoi deara agus beidh an spórt ann, ag féachaint air ag iarraidh é a thabhairt do dhuine eicínt eile - "treasna" agus "gan treasna"Seo cleas eile - nuair a thaganns na comhursanna isteach leis an airneán(leanann ar an chéad leathanach eile)