Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)

Suíomh:
Na Doiriú Theas, Co. Galway
Múinteoir:
Pádraig Ó Heidhin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0032

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0032

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doireadh
  2. XML Leathanach 0032
  3. XML “Mac na Baintrí agus an Fathach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    shiota ar an bpoinnte agus sin é an uair a chuimhnigh sé gur as Éirinn é. Chuaidh sé seacht n-acra i ndhiaidh a chúil agus tháinig sé agus bhain sé an ceann ón ngualainn den fhathach. Nuair a bhí ceann an fhathaigh ag dul suas ins an aer dubhairt sé "Dá bhfuighinn-se mé féin ar an gcolainn aríst leann na bhFiann ní bhainfeadh mo chloigeann díom". "Ní bhfuighidh tú thú féin ar an gcolainn aríst" arsa mac na baintreabhaighe ag breith ar an gclaidheamh agus ag déanamh smidiríní den cholainn.
    Dimthigh leis annsin agus é tuirseach tárrnuighthe tar éis an lae. Tháinig sé go dtí an teach agus cuireadh na mílte míle fáilte roimhe. Dubhairt sé go gcaitheadh sé dhul abhaile go dtí a mhathair. Acht dubhairt an sean-fhear leis fanacht. Dimthigh leis lá ar na bhárach agus bhí aistir fada lé siubhal aige go sroichfeadh sé teach a mháthair. Bhí sé ag siubhal nó gur casadh isteach i gcrann coille é. Thosuigh sé ag baint crainn agus dá bhfeannadh nó gur rinne sé long. Nuair a bhí an long déanta aige ní raibh bárr cleite amach na bun cleite isteach innte chomh [?] n-oiread lé druim gé. Chuir sé an long seacht bpéirse i bhfairrge gur sheol sé lé na thrí sgód nó gur shroich sé teach a mháthair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Peadar Ó Briain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cladhnach, Co. Galway