Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)

Suíomh:
Na Doiriú Theas, Co. Galway
Múinteoir:
Pádraig Ó Heidhin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0047

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0047

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doireadh
  2. XML Leathanach 0047
  3. XML “An Bhean a Bhí Seacht mBliana in Ifreann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an tighe léi theacht ag an teine agus bhí an bhean a bhí san teach ag breathnúghadh an-bhrónach. D'fhiafruigh an bhean a tháinich isteach ar mhisde dhí fiafhruighe cad do bhí uirthe. Dubhairt an bhean go raibh roilig ar an mbaile agus nach raibh aon uair a gcaillfídhe duine ar an mbaile nach gcaithfeadh duine dul dá fhaire, agus gur ar a mac féin a bhí dhul dá fhaire an oidhce sin. Níl aon duine a gabhadh ag faire an roilig nach mbead caillte ar maidin. D'fhiafruigh an bhean dí céard a thiubhradh sí dí féin dá ngabhadh sí ag faire an oidhche sin. Dubhairt sí go dtiubhradh sí leath dá raibh istigh agus amuigh dí. Séard adeir an bhean léi nach raibh sí ag iarraidh uirthe acht aire mhaith a thabhairt dá máthair go dtíocfadh sí ar ais, agus dubhairt bean a' tighe go dtiúbhradh.
    Dimthigh sí annsin agus chuaidh sí ag (chuig) an roilig. Shuidh sí síos agus nuair a bhí sé 'na mheadhon oidhche d'airigh sí an geata a bhí ar an roilig dhá osgailt, agus rinne rud géim. Dúbhairt an bhean "Dia is Muire leat agus Rí an Domhnaigh", dubhairt sí na focla seo trí h-uaire.
    Annsin labhradh léi agus dúbhradh leí dhul abhaile agus gan a bheith sásta mar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Maighréad Bean Nic Con Iomaire
    Inscne
    Baineann
    Aois
    48
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Doire Choill, Co. Galway