Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0072
- XML “An Mac Díchéillí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis an mac a chaitheamh amach ins an bhfairrge nuair a chonnaic sé an bád ag tigheacht go dtí é agus bhí feairín beag liath dhá iomradh. Labhair sé leis an bhfear seo agus d'fhiafruigh sé dhó cad chuige go raibh sé ag dul ag báthadh an mhac. D'innis seisean an sgéal dhó ó bhun go bárr agus faoi cheann tamaill labhair an feairín beag agus dubhairt sé: "Má sé do thoil é ná caith amach an páiste sin ins an bhfairrge agus sgaoil liom-sa é go ceann bliadhna agus bh'féidir go múinfinn-se ciall dhó". "Tá go maith" arsa an feairín agus d'imthigh leis.
Chuaidh an t-athair abhaile agus dinnis sé an sgéal dhá bhean. Bhí go maith nuair a bhí an bhliadhain shuas chuaidh an t-athair go dtí an charraig chéadhna agus is gearr a bhí sé annsin nuair a tháinig an bád céadhna go dtí é. Labhair sé féin agus fear an bháid lé chéile agus d'fhiafruigh an t-athair dó an raibh ciall ag an mac indiú agus sé an freagra a thug an mac é féin air ná: "D'aithneóchainn bó thar chapall". "Ó" arsa an t-athair "ní bheidh aon bhlas(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brighid Bean Uí Bhreathnuigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 53
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ros an Mhíl, Co. Galway