School: Baile Nua (B) (roll number 9607)
- Location:
- Newtown, Co. Galway
- Teacher: Peadar P. Mac Conchoille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Nua (B)
- XML Page 023
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Núair a fúair Cathal Crúbh Dearg an bhúaidh ar na Normánaig ar Cnoc Rúadh dúbhairt sé go dtógadh sé Mainistir. Ní raibh fhios aige fá solus na gréine cé'n áit a dtóghadh sé é acht oichdhe amháin bhí brionglóid aige agus cheap sé gur chúala sé Dia gá rádh leis an Mhainistir a thógháil i bpairc na Láoigh.
D imtigh sé leis ag siúbhal na bóithre ag lorg na h áite agus geobhadh sé lóistín na hoidhche in gach áit. Lean sé mar sin ar fead i bhfad go dtí go dtáinigh sé chuig an teach áirithe seo. Díarr sé lóistín na hóidhche agus fúair sé é. Bhí sé tamall maith istigh núair dúbhairt bean a tíghe leis an gcailín aimsire dul amach agus na ba a bléaghan nach raibh síad ro fhada uaithe go raibh síad i bpáirc na Láoigh. Annsin bhí fhios ag Cathal an áit chun an Mainistir a thógail. Thug sé buidheacas do Dia núair fúair sé é agus níorbh fhada in a dhíaidh sin gur cuireadh ar bun é. - You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.