School: Cromghlinn (C) (roll number 15411)

Location:
Crumlin, Co. Galway
Teacher:
Cáit Ní Óbáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 301

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 301

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cromghlinn (C)
  2. XML Page 301
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal
    Bhí lios mór i gCill Sceach aon uair amháin agus bhí go leor crann ag fás ann. Bhí tobar uisge taobh thiar de. Bhí beirt dearbhrathair ag taisteal an bóthar lá agus theastuigh uatha ce's fuide a thaganns an fírinne nó an bréag agus d'fhágadar an breitheamhnas ar an gcéad fear a casadh leo. Ní fada a raibh siad ar siubhal nó gur casadh fear leo agus d'fhiafruigh ceann acu de "Cé thaganns is fuide an fhírinne nó an bréag?" Deir an fear a casadh leo go seasuigheann an fírinne agus go n-imthigheann an bréag.
    Bhain ceann de na dearbhrathair an dá shúil as an dearbhrathar eile agus chuir sé an dearbhrathar ar bhain sé an dá shúil as isteach ins an lios i measg na gcrann agus tháinig sé fhéin abhaile. Bhí sé annsin ar feadh an lae go dtáinig an oidhche. Bhí cainnt ag gach uile nidh an uair sin agus tháinig na cait go dtí an lios ag innsint scéalta.
    An cat ba sine a thosuigh ag innsint i dtosach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0613: The Two Travelers (Truth and Falsehood)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Fhaoithe
    Gender
    Female
    Address
    Kilskeagh, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Faoithe
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    50
    Address
    Kilskeagh, Co. Galway