School: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Location:
Cregmore, Co. Galway
Teacher:
Cathal Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 295

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 295

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
  2. XML Page 295
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí sé in a chómhnuidhe í leacach agus peacach mór a bhí ann. Ní raibh sé ag dul go dtí an Aifreann ná na sacramantaí na isteach san Eagluis cor ar bith. Ar deire tháinig Missiún go dti an áit agus leis an méid a chuala an fear seo uatha, d'iompuigh sé agus bhí sé in a fhíor-caitileaceach as seo amach. Tar éis tamaill maith chuaidh sé go dtí an faoistín agus bhí fáilte mór ag an sagart roimhe agus bhí sé an-lághach leis amach is amach. Dinnis sé a sgéal don sagairt agus an méid gníomh a rinne sé as bhealach agus gach peaca beagnach a rinne sé.
    Diarr an sagart air an raibh dólás air agus dubhairt seisean go raibh gan adhbhrar. Bhuell ars an sagart bhfuil tú indhon "turas na croice a dhéanamh." "Ó! táim, tuige nach bhéinn ars an fear." Sin é an pionós atá ort anois agus déan é. "Tá go maith air seisean." Thug an sagart a bheannacht dó agus chuaidh sé amach ón bosca an fhaoistinigh. Bhí ionghnadh mór air an sagart nuair a chonnaic sé an fear ag dul abhaile gan an phionós a dhéanamh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Síghle Ní Coileáin
    Gender
    Female
    Address
    Lisheenavalla, Co. Galway
    Informant
    Padhraig Ó Comán
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Cregcarragh, Co. Galway