Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal

Suíomh:
An Spidéal, Co. Galway
Múinteoir:
Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 037

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 037

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
  2. XML Leathanach 037
  3. XML “Scéal - An Gadaí Dubh Ó Dúbháin”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    raibh aon fheóil air, agus chaith sé uaidh é. Dubhairt an fathac leis an gcailín, páiste beag fir a bhí ins an teach a mharbhú agus d'imthigh sé amach. Aniar leis an ngaduidhe agus dubhairt sé leí, ar a bhfaca sí ariamh gan an páiste a mharbhú ach an ordóig dhó agus í a chuir síos ins an bpota. Nuair a bhí sé bruighte, cheap an fathac go raibh sé leághte ar an uisge. Tá tú ceart ar san rígh, mise an páiste sin, nach bhfeiceann tú an ordóig bainte dhom. Bhronn an Rígh an capall ar an ngaduidhe dúbh. Dimthigh siad agus bhí an leas-mháthair air bhárr an túr, agus chaith sí anuas í fhéin agus marbhuigheadh í.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Scéal

    Aon uair amháin bhí beirt fhear as Connamara ag teacht as Gaillimh thar-éis tárr féir a dhíol.

    Sgéal.
    Aon uair amháin bhí beirt fhear as Connamara ag teacht as Gaillimh thar-éis cárr féir a dhíol. Ar an mbealach tháinic fear amach rómpa agus dubhairt sé leó go dtiubharfadh sé coróin dhóibh, ac coca féir a dhéanamh. Nuair a bhí siad ag déanamh an fhéir, ba é Seán a bhí ar an gcoca agus ní raibh focal béarla aige, ach bhí béarla maith ag Máirtín a bhí ar an talamh. Nuair a bhí siad suas árd go maith san gcoca, tháinig fear an tíghe amach, agus ní focal gaedhilge aige, agus dubhairt sé leó. "Come in to your dinner". Céard a dubhairt sé, adeir Seán lé Máirtín. Dubhairt sé go marbhóchadh sé muid arsa Máirtín. Chaith Seán a léim anuas de'n choca, agus bhain an bheirt as. Amach le fear an tighe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Innéacs seanscéalta
    AT1697: “We Three; For Money.”
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Maitias Ó Céidigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Seanadh Gharráin, Co. Galway