Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. Galway
- Múinteoir: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- XML Leathanach 048
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí bean ann fadó agus bhí triúr mac aice. Nuair a bhí an chéad mac sean go maith, dúbhairt sé go raibh sé in am aige a dhul ag saothrú a bheatha go cheann tamall.”
(ar lean ón leathanach roimhe)a raibh iochtar fola air, agus uachtar meala. Thosuigh sé ag tomadh an aráin síos ins an mil, agus tháinig gadhar beag aníos, agus thug sé cuid de'n arán de'n mhada, agus thosuigh sé dhá ithe. D'imthigh sé leis go dtáinig sé cho fada, leis an tighe céadhna araibh an bheirt dearbhráthair ann roimhe. Fuair sé posta, ag tabhairt na sean-mhná amach, ach bhí sé ag fághail ocrais, agus an lá seo, sgaoil sé ins na neantógaí í agus bhí siubhal annsin aice. "Mar a dubairt an sean-fhocal", nuair is truagh do'n chailleac, caithfidh sí rith.Scéal
“Aon uair amháin bhí fear ann, agus bhí sé ag ithe cnó i gcomhnuidhe.”
Sgéal.Aon uair amháin bhí fear ann, agus bhí sé ag ithte [!] cnó i gcomnuidhe. Fuair sé bás annsin, agus cuireadh é sa roilig. Bhí teach ar bhruac na roilge, agus bhí fear agus a mháthair in-a gcomnuidhe ann. Dubhairt an fear nuair a bhí sé ag fághail bháis, mála cnó a chur faoí na cheann sa gconra. Aon oidhche amháin chuaidh beirt fhear, amach go dtí an áit a raíbh an fear curtha. Thosuigh duine aca ag briseadh cnó, agus chuaidh an duine eile, ag iarraidh caora, lé go gcuirfidís slabhra uirthí, chun go gceapfadh muinntir an tighe gurbh é an diabhal a bhí ann. Chuaidh an fear agus a mháthair amach, go bfeicfidís ag briseadh na gcnó. Bhí a mháthair ar a dhruim ag an bfear, agus shíl an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seámus Ó Coincheanainn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Baile an tSagairt, Co. Galway