School: Leamhchoill (roll number 10742)
- Location:
- Leamhchoill, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Domhnalláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leamhchoill
- XML Page 236
- XML “Scéalta Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tháinic an lá fliuch air agus b’áigin dó éirigh as. Chuaidh sé isteach go dtí an teach seo agus d’fhan sé ann go raibh sé ‘na tráthnóna.
Nuair a bhí sé ag dul abhaile ní raibh aon asail aige lé fágháil. Shíl sé go raibh sé ró-fhuar lé dul dá thorraidheacht agus d’imthigh sé abhaile gan é. Bhí sé do nós ag fear a’ tighe dul ar cuairt san oidhche agus rinne sé an rud céadhna an oidhche seo. Bhí sé deirneach ag teacht abhaile dhó agus bhí sé tirm. Bhí cnoc taobh thuas dá theach féin agus bhí sgeacha ag fás air.
Níor cuireadh aon fhaitchíos ariamh air agus is iomdha oidhche a bhí sé amuigh. Nuair a bhí sé ag dul thar na sgeacha, shíl sé gur chuala sé rud éicint. Bhreathnuigh sé thairis agus chonnaic sé an rud istigh ins na sgeacha. Shíl sé gurb é an diabhail é agus rith sé abhaile lé n’ainm. Bhí an t-allus ag tuitim anuas uaidh ‘na bhraonachí móra agus bhí a ghruaig i n-a sheasaimh díreach ar a cheann. Rith sé isteach abhaile agus dubhairt sé gur raibh an diabhail suas ar an gcnoc agus dhá adhairc fhada air. Thosuigheadar ag gáire faoi. “M’anam tá” ar seisean.(continues on next page)- Collector
- Séamus Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- Leamhchoill, Co. Galway
- Informant
- Nóra Ní Culáin
- Gender
- Female
- Address
- Leamhchoill, Co. Galway