Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)
- Suíomh:
- Rosscahill, Co. Galway
- Múinteoir: Mícheál Mac Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tríomhad lá. Bhí gréasaidhe beag ina chomhnuidhe i n-aice an droichid. Tháinic sé amach chuige agus dubhairt. A fhir chóir, Feicim annsin lé trí lá thú. Bhfuil aon dochar fiafruigh dhíot an ag déanamh turas atá tú no cé chuir annsin thú. A fhir chroidhe arsa Tomás leis an gréasaidhe, Tá neach ag teacht chugam lé seacht mbliadhna a rádh liom teacht annseo agus go bhfuigheann pota óir ann. "Gabh abhaile a fhir chroidhe agus biodh ciall agat". Tá neach ag teacht annseo agamsa lé bliadhanta a rádh liom go bhfuil pota óir i bhfalach faoí sgeach atá ag fás ag binn tighe Thomáis Buidhe Úirid. D'imthig leis abhaile agus fuair sé láidhe agus bhain sé poll ann. Fuair sé pota lán lé ór agus bhí leac deas ar an bpota. Bhíod an leac mar chlár ar an bpota a bhíod ag bruith fhataí an dínnéir. Bhí sgoláire bocht ag dul thart mar bhíod siad ag dul thart 'san uair sin. Nach aisteach an rud adeir sé atá sgríobhtha ar an leic sin. Céard atá sgríobhtha air arsa Tomás Buidhe. Go bhfuil(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Maghera Beg, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Séamus Breathnach
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 58
- Seoladh
- Maghera Beg, Co. Galway