Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)

Suíomh:
Ros Cathail, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Mac Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 198

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 198

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 198
  3. XML “Seancheirdeanna - Ag Déanamh Phlainín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhíodh obair chruaidh ar na sean-mhná fadó ag sníomh agus ag cárdál. Spianadh síad an olann agus dhóirteadh siad olabhiadh air lé n-é a réidhteach agus é a roighniú. Cárdálaidís annsin é lé péire cárlaí lé rolléorí a a dhéanamh dhé. Chuiridís tuairne ina seasamh lé n-e a sníomh. Chuiridís an roithe ar an tuairne agus dhéanaidís da cluais de shúgán tuighe agus chuiridí ins an slionán iad.
    Chuiridís an fearsad amach thríotab. Cuiridí srang ar an roithe agus timcheall ar tomán an fearsad le n-e a chasadh. Chuiridí cor ins an srang ag sníomh an inneach acht ní bhíodh cor ar bith ann lé h-aghaidh an dluath. Sníomhaidí na roiléirí ó cheann go ceann suas ar an bhfearsad lé próistí a dhéanamh de. Dhéanaidís ceirtlíní ar ais arí de'n próisde geobhnidis crann-deilbh annsin leis an dluath a dheilbh air agus chuiridis
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Éamonn Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Dún, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Bean Pheadair Breathnach
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    42
    Seoladh
    An Dún, Co. na Gaillimhe