Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. Galway
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 017
- XML “An Gasúr agus Ór an Fhathaigh”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mharbhóchadh an fáthach é. Nuair a bhí a dhinnéar ithte bhí an fáthach ag tigheacht. D'iarr an gasúr ar an mbean é a chur faoin gcómhra agus chuir. Nuair a tháinig an fáthach isteach dubhairt go raibh Éireannach istigh is níor chreid sé í mar dubhairt sé a mhalrait. Dubhairt sé leis, an maide a bhí annsin thuas a thabhairt chuige agus thug. Dubhairt sé leis an maide an bhean do bhualadh agus bhuail acht dubhairt sí aríst nach raibh Éireannach ann is chreid sé í.
Nuair a fuair an buachaill iad 'na gcodladh do ghoid sé an mhaide agus fuair sé an t-ór san teach, mar bhí faithchíos ar mhuinntir an tíghe mar gheall ar an maide a bhí aige agus bhí an maide agus an bosca aige annsin. (gan teideal)
“Is minic a fáightear blas searbh ar an fhírinne.”
1. Is minic a fháightear blas searbh ar an fhírinne.
2. Is mairg a bhíos go h-olc is go bocht 'na dhiadh.
3. Is fearr sean-fhiacha ná bheith folamh.
4. Fear gan airgid i mbaile mór is failligheach a labhrann sé.