Scoil: Tír an Fhiaidh

Suíomh:
Tír an Fhia, Co. Galway
Múinteoir:
An tSr Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 011

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 011

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír an Fhiaidh
  2. XML Leathanach 011
  3. XML “Bean an Rí agus a Leasmhac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí rígh in éirinn fadó nach raibh aige ach aon mhac amháin. Cailleadh an bhainríoghan agus phós an rí aríst, inghean ríogh na Spáinne. Níor leig sé ar fhéin leis an dara bean go raibh sé pósta ariamh. Bhí a mhac i gcoláiste aige san bhFrainnc. Bhí sé ag cur leitreacha ag a athair. Bhí an t-athair imthighthe amach lá agus fuair a bhean ceann des na leitreacha agus léigh sí í. Nuair a tháinig an rí isteach dubhairt a bhean leis. "Cé'n fáth go bhfuil tú ag ceilt orm nach raibh mac cheana agat?" Bhí sí ag mealladh an ríog nó gur chuir sé fíos ar an mac. Nuair a tháinig an mac bhí fáilte mór aici roimhe. Faoi cheann cúpla lá bhí an rí ag dul amhach ag fiadach agus d'iarr se an mac amhach in éindigh leis. Dubhairt an leas mháthair é fhágáil isthigh in éindhigh léithi fhéin mar nach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seamus Ó Concalaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Tír an Fhia, Co. Galway