School: Corr na Móna
- Location:
- Corr na Móna, Co. Galway
- Teacher: P. Ó Maille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Gaillimh siar go dtí a chaisleán I mBaile na hInse.
A siubhail a bhí an Máilleach , mar ní go maith a bhféadfadh capall a theacht aníos Claiscéim agus Sgiuradh go hIfrionn. Shuidh sé síos ar bhainscoig ar thaobh a'bóthair mar lá breagh Samhraidh a bhí ann. Thosuigh sé a cathamh snaoise dhó féin.
D'fhéach sé thart agus céard d'feicfeadh sé ach an Cholainn gan Chéann. Bhí sé ráidhte nach raibh rud ar bith le feiceál ba mheasa ná an cineál seo de thaidhbse. Chuir an Máilleach cainnt air. "An gcaithfe tú snaois', adeir an Máilleach. Caithfe tú í" adeir an Cholainn. Ní ceart labhairt le taidhbse mar labhruighe sé leat. Bhí an Máilleach i gcumhacht an taidhbse uaidh sin amach.
D'éirigh an bheirt aca agus siubhal siad an bóthar in éindí.
Dubhairt an Cholainn leis an Máilleach go marbhóchadh sé é mar bhfreagruigheadh sé gach uile cheist a chuirfeadh sé air i leath-rann.
Taidhbse - Coinneall i gcoinleoir ann
Tomhair i lár leath-rann
An Máilleach - Géag úr ar a dtom
Agus ball dubh ar a leith-ceann(continues on next page)- Collector
- P. Ó Máille
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Micheál Ó Máille
- Relation
- Parent
- Gender
- Male