School: Corr na Móna
- Location:
- Corr na Móna, Co. Galway
- Teacher: P. Ó Maille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corr na Móna
- XML Page 220
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó agus bhíodh an focal seo ina bhéal i gcomhnuidhe. Go raibh mo craiceann ag an Diabhal. Bhí sé bun aosta go maith nuair a chailleadh é. Sé an áit a raibh sé ina chómhnuidhe inaice drochid i dteach beag dhó féin agus a chuile oidhche ó cailleadh sean Tomás Tomas a t-ainm a bhí bhíodh an torann ag an droicead agus ní raibh fhios ag na daoine céard a bhí a deanamh an torainn.
Bhí grabaire beag ar an mbaile agus dúbhairt sé lá Manam a Mham go rachfa mise síos ag an droceadh anocht. Óra Bora ná gabh ná marbóchaid na sidheóga thú a deir an Mháthair ach, níor thug sé aon áird uirthi. D'imigh sé leis tuitim na h-oidhche agus chuaid sé síos go dtí an droicead agus cé a bhead ann ach sean Tomás agus sean mhála aige agus é dhá lasgad in-agaid an drochid.
Rith sé abhaile M'anam a deir sé gur bé sean Tomás atá ann agus sean mhála aige agus é dhá lasgad in agaidh an drochid. Ní raibh Tomás ach trí lá caillte. Rachfa mé ag an sagart agus infeocóca mé dhó é. Níor chreid an sagart é ach mar sin fhéin chuaid sé leis go dtí an drocead agus bhí Tomás annsin agus sean craiceann aige agus é dhá lasgadh i nagaid an drochid. Dfirfuig an sagart dhó céard a cas annsin é agus dúbhairt sé gur bhí sin an(continues on next page)- Collector
- Máirtín Ó Duithche
- Gender
- Male
- Address
- Baile an Tobair, Co. Galway