School: Corr na Móna
- Location:
- Corr na Móna, Co. Galway
- Teacher: P. Ó Maille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corr na Móna
- XML Page 182
- XML “An Drochshaol”
- XML “An Chaoi ar Shabháil Maolra Ó Caomhanaigh Fear ón Uaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cailleadh an chuimse daoine sa bparáisde seo sa droch shaoghal le ocras agus feabhras. Bhí oisbidéal ar an bhFáirche le haigh daoine tinne agus caillead a lán ann.Bhí fear darb ainm Sceathail íoctha leis na daoine a chur. Bhí cairt asail aige le haigh daoine a thabhairt 'un na cilleadh. Tugadh Sceathail na gCorp mar leas ainm air. D'faghadh sé sgilling as ucht gach uile dhuine a chuirfeadh sé.Bhí bean eile a raibh Bed(?) Mhór mar ainm uirre leis na cuirp a chur ins na conraí. D'faghadh sise sgilling eile agus bhí sgilling eile a dul don suinéaraidhe a gnitheadh an conra.
- Collector
- P. Ó Máille
- Gender
- Male
- An Chaoi ar shabhail Maolra ÓCaomhanaig Fear on Uaigh.Bhí fear caillte san oisbidéal ach is docha nach raibh air ach meirbhthean. Horduigheadh conra dhó agus leagadh é taobh amuigh den doras. Tháinic Sceathail ach ní raibh Bed Mhór le faghail leis an gcorp a chur sa gconra. Bhí sé amach sa lá agus d'imthigh Sceathail abhaile agus dubhairt(continues on next page)