Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. Galway
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Fáirche
- XML Leathanach 363
- XML “An Gamhain Glas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)loch ingar dó agus chéasfadh sé an domhain uile bliadhain muna bhfuigheadh sé inghean an Ríogh le n-ithe. Chuala an buachaill an sgéal so. Gléas sé capall a bhí i stábla na bhfathach. Chuaidh sé go dtí 'n áit a raibh an dragún. Bhí sluagh mór daoine ann agus inghean an Ríogh leo agus i ceangailte le rópa. Nuair tháinig an dragún isteach shíl sé í do shluigeadh act níor fhéad sé go ceann trí lá An cheathrú lá tháinig an dragún amach D'ionnsuigh an gasúr é agus mharbhuigh sé é. Phós sé inghean an Ríogh agus bí saoghal bhreagh aca as sin amach.
----------------------
Coileach bán ag bánughadh an tighe agus coileach dubh ag íoch na cíosa
Ní ag deire an mhála a déantar an tíoghbhús
Ná mol is ná cáin an bárr go dtéigheann an Mhí-Mheadhon amach.
Má labharann an chuach ar chrann gan duilleabhar díol do chóta agus ceannaigh earraidhe.- Faisnéiseoir
- Áine Ní Mhaolruaidh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 24
- Gairm bheatha
- Domestic worker (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ceapach na gCapall, Co. Galway