Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. Galway
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Fáirche
- XML Leathanach 399
- XML “An Biorán Suain”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)n-ithe dhi" Tugadh agus d'ith sí é ach ní raibh sí indon focal do labhairt. D'fhan sí sa tigh agus bhíodh sí ag déanamh gach rud thart ar an tigh
Tháinig Oidhche Shamhna arís agus bhí an fear ag teacht abhaile ó n a chuairt. Chonnaic sé an triúr céadna ag teacht agus casadh air bliain roimhe sin. Isteach thar an mballa leis le faitcíos rómpa agus chuala sé an chainnt a bhí ar siubhal aca. Labhair an chéad fear agus ars sé "Bliain is oidhche anocht thug Seán Ruadh an bhean uainn" "mhaiseadh féin" ars an dara fear "cé n maith tá innti mar níor labhair sí focal ó fuair sé í" "Ní bheadh sí mar sin" ars an treas fear dá dtarraingeadh sé an biorán suain amach atá ar chúl a chinn ach cé n fhios atá aige air?" "Tá mo sháith feasa agamsa ars Seán Ruadh ag eirighe amach ón gclaidhe agus ag rith abhaile.
Chomh luath agus shrois sé an teach ghlaoidh sé ar an mnaoi. Tháinig sí chuige agus tharraing sé an biorán suain amac. Ní túisge bhí an méad sin déanta(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Dabhoráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Uí Bhuíáin, Co. Galway